Físeán – Diarmuid de Faoite ag Imbolc 2016 le scéal Chruthú an Domhain

Deirtear go minic nach bhfuil scéal ceart Chruthú an Domhain ag miotasolaíocht na hÉireann. San athinsint seo de mhiotas theacht Thuatha Dé Danann, tugann Diarmuid an scéal ceart sin dúinn, scéal ina bhfuil an chruthaitheacht féin i lár an aonaigh.

Tá clú agus cáil, chomh maith le duaiseanna, bainte amach ag Diarmuid de Faoite as a chuid aisteoireachta, é ar stáitse agus ar an scáileán araon. I measc na léiriúchán a raibh sé iontu tá Corp & Anam, Ros na Rún, Kings, agus an seó stáitse aonair Pádraic Ó Conaire.

Comments are closed.