Imbolc 2017 – Dónal Ó Céilleachair

Dónal Ó CéilleachairTá aithne againn ag Imbolc ar Dhónal leis na blianta, ach cosúil le daoine inspioráideacha eile, bíonn sé chomh gnóthach sin go bhfuil sé deacair teacht suas leis! Tá sé d’ádh againn in 2017 é a fháil den chéad uair chun caint a thabhairt dúinn, faoina shaol, faiona shaothar, agus faoina scannán nua Ó Dhúthaigh Mhúscraí.

Déantóir scannán is ea Dónal a bhíonn ina chónaí idir Éire agus Nua Eabharc. Is céimí ó DIT agus Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath é, agus rinne sé staidéar ar scannánaíocht agus ar na healaíona ag NYU, School of Visual Arts, Cooper Union agus Film/Video Arts i Nua Eabharc.

Tá taithí fairsing idirnáisiúnta ag Dónal in earnáil na scannánaíochta neamhspleáiche, agus i measc a shaothair tá breis agus 50 scannán ficsean, faisnéise, agus turgnamhach le 25 bliana anuas.

Comments are closed.