Imbolc 2019 – Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill i 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh i 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, i 2008 agus Tost agus Allagar i 2016. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach atá díreach foilsithe ag an Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla.

Comments are closed.