Imbolc 2018 – Kathleen Dineen

Is stiúrthóir bunaidh í Kathleen de White Raven, grúpa a phléann le ceol meánaoiseach agus amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, dhá spéis faoi leith atá ag Kathleen féin. Thosnaigh Kathleen ag casadh amhrán traidisiúnta le linn a hóige ina háit dhúchais, Co. Chorcaí. Tógadh í le Gaeilge, agus tá an ceol agus an teanga Gaelach ina mór-inspioráidí di ó shin. Beidh Kathlenn agus a grúpa, White Raven, i mbun ceolchoirme san Ionad Cultúrtha Aoine 9 Feabhra 2018, oíche roimh chomhdháil Imbolc féin.

In 1987 bronnadh Sparánacht na Comhairle Ealaíon ar Kathleen, rud a chur ar a cumas staidéar a dhéanamh ar amhránaíocht na meánaoiseanna ag Schola Cantorum Basiliensis le Richard Levitt agus Dominique Vellard. Tar éis di trí bliana staidéir a dhéanamh, tairgeadh post múinteoireachta do Kathleen, agus tá sí anois leis an bhfoireann teagaisc le 25 bliana anuas. Thar na blianta níor theip riamh ar a cuid suime in amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, agus meascann sí an dá shruth ceoil le chéile ina tríréad a cappella White Raven.

Leis sin bhí Kathleen ina stiúrthóir ar roinnt léiriúchán stáitse, san áireamh bhí tionscadal Celtic Road (2010) d’Fhéile Stimmen i Loerrach, Germany. Chuir an tionscadal sin na traidisiúin amhránaíochta éagsúla ó Éirinn, ón Albain, ón Bhriotáin, agus ó na Stáit Aontaithe le chéile, agus ghlac Muireann Nic Amhlaoibh, Julie Fowlis (DUAL), Nell Ni Chróinín , Annie Ebrel (ón Bhriotáin di), Riccardo Del Fra, Tomás Ò Canainn, Tim Erikssen (ó na Stáit Aontaithe dó), Paul Dooley (an chláirseach) agus White Raven páirt ann.

Go minic freisin bíonn Kathleen ag seinm i dteannta leis an bhfidléir Gerry O Connor, as Dún Dealgan dó, agus an giotáraí Gilles Le Bigot. Múineann sí ranganna príobháideacha amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann sa Ghearmáin agus san Eilvéis.

Comments are closed.