Imbolc 2018 – Maebh Ní Fhallúin

Tá seacht mbliana caite ag Maebh ag déanamh staidéir agus ag obair i réimse na sláinte poiblí i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Bhain sí máistreacht amach i Scoil Sláinteachais & Leigheas Trópaicigh Londain agus ó shin i leith tá sí ag soláthar comhairle polasaí don earnáil phoiblí agus charthanais ar réimse ábhar idir murtall, alcól, tobac, cúrsaí mhíchumais agus an córas sláinte.

Bhain sí céim amach san Airgeadas agus Ríomhaireacht (Fiontar) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2002 agus chaith sí tamall de bhlianta ag obair sna meán craolta Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Cheapadh í mar bhainisteoir Raidió na Life i 2005 agus bhog sí ó sin go dtí an earnáil léiriú teilifíse.

Tá suim ar leith aici i gcúrsaí comhshaol agus i gceist na hinbhuanaitheachta. Sheas sí mar iarrthóir don Chomhaotas Glas i ndáilcheantar Chill Dara Thuaidh in olltoghchán 2016 agus is ball í d’fheirm phobail Derrybeg i gCill Droichead.

In 2018, beidh sí ag obair le foireann taighde i gColáiste na Tríonóide ar thogra ag iniúchadh bealaí le córas cúram sláinte uilíoch a chur i bhfeidhm in Éirinn.

Comments are closed.