Imbolc 2019 – Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha

Is iad Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha có-bhunaitheoirí an togra phobail Pop Up Gaeltacht, a bhunaigh siad i 2016. Freastalaíonn an Pop Up Gaeltacht ar phobal teanga na Gaeilge i mBaile Átha Cliath trí ócáid sa mhí a chur ar siúl i dtithe tabhairne iomráiteacha ina mbaillíonn na Gaeil le chéile, “chun ól, like”.Tá an coincheap tar éis scaipeadh ar fud an domhain, le Pop Up Gaeltachtaí ar siúl i Hong Cong, Nua Eabhrac, Londain, Glaschú, La Paz, Tóiceo, Shanghai, Corcaigh, Montana, San Francisco, Vancouver, Dubai, Berlin, Hamburg agus Drom Dá Thiar, i measc áiteanna eile. 

Comments are closed.