Imbolc 2019 – Ian Malcolm

Is as an Lorgain, Co. Ard Mhacha do Ian Malcolm, agus caith sé mórán blianta leis an iriseoireacht sula ndeachaigh sé ar ais ar oideachas lánaimseartha mar mhac léinn fásta ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 2000. Shíolraigh an cinneadh sin as an tsuim fad-shaoil a bhí aige i dteanga na Gaeilge.

Tar éis trí bliana mar iriseoir i rith na hoícha, mac léinn i rith an lae, agus tuismitheoir aonair an t-am ar fad leis, bhain sé amach céim onóra, agus chuaigh sé in mbun staidéar dochtúireachta le maoiniú ó Chomairle Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí (Arts and Humanities Research Council).

Faoi láthair oibríonn Ian mar aistritheoir/ateangaire agus saorchomhairleoir teanga. Taistealaíonn sé ar fud na tíre agus níos faide i gcéin le léachtaí dá chuid faoin nGaeilge agus faoin dearcadh Protastúnach ina leith. Is tráthaire rialta é ar mheáin chumarsáide na Gaeilge leis, agus bhí sé mar bhall ar Chomhairle RTÉ ar feadh trí bliana.

Comments are closed.