Imbolc 2020 – Garry Bannister

Garry Bannister
Garry Bannister
A Path Home / Conair Siar
A Path Home / Conair Siar

Rugadh Garry Bannister i Sligeach agus tá sé ina Bhúdaíoch le breis agus 35 de bllianta ach ní Budaíoch coitianta é i aon chor. Cé go gcleachtann sé an Búdachas Nichiren inniu, tá a lán cleachtaí eile triallta agus blasta ag an údar seo. Dealraíonn an creideamh Búdaíoch iomlán dó mar chleachtadh atá fréamhaithe i gcomhthéacs fairsing litríocht saíochta an traidisiún Hiondúigh Véidigh agus go háirithe, i dteagaisc na nÚpainiseadaí.

In 2018 foilsíodh “A Path Home / Conair Siar” aige, bailiúchán cóán. Cad é cóán? Thar aon rud eile, dar Garry, is tairseacha teanntásacha iad na cóáin a tharchéimníonn aon fhiosrú intleachtach, loighic, nó limistéir theoranta an réasúin.

Tags:
 

Comments are closed.