Imbolc 2020 – Liam Mac Cóil

Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon agus teilifíse.

Bealach na Spáinneach
Bealach na Spáinneach

Tá an an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí, le foilsiú ag Liam sna seachtainí beaga amach romhainn. Bealach na Spáinneach is ainm dó, agus tagann sé ar na sáile ar An Litir agus I dTír Strainséartha, dhá leabhar a thuill ard-mholadh ó chriticeoirí agus léitheoirí.

Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (1994) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times. Ó shin i leith tá saothar ilghnéitheach foilsithe aige, ina measc An Claíomh Solais, agus dialann scríbhneoireachta, Nótaí ón Lár, chomh maith le leabhar ar an gcumadóir Charles Villiers Stanford An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford.  Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006.

Tá aistriúcháin déanta ón mBreatnais freisin aige, Tiocfaidh Lá le Ffred Ffransis (Carbad, 1977), agus Saibhreas Chnoic Chaspair le J. Selwyn Lloyd (An Gúm, 1981), agus d’fhoilsigh sé stair a áit dhúchais féin, The Book of Blackrock (Carraig Books, 1977, 1981). I gcomhar leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, tá Liam ina eagarthóir ar an iris litríochta agus ealaíne Bliainiris.

Tags:
 

Comments are closed.