Imbolc 2020 – Simon Ó Cróinín

Is traidisiún ársa in Éirinn é traidisiún na beachtaireachta, agus is fear é Simon Ó Cróinín a bhfuil scéal aige le hinsint ina leith. Le déanaí seoladh leabhar dá chuid faoi thriúr fear agus a gcuid iarrachtaí bonn a chur faoin mbeachaireacht ar bhánta na Mí.

Blas Meala
Blas Meala

Eolas cuimsitheach atá ag Simon ar conas beacha dubha dúchasacha na hÉireann a bhainistiú, na seifteanna ar éirigh leo mar aon leis na cinn nár éirigh, agus ar na bealaí is fearr chun stoc a bhainistiú.

Tá spéis ag Simon sa talamh, sna plandaí, sna hainmhithe agus i muintir Ríocht na Mí – agus tugann sé lón machnaimh do dhuine ar bith ar spéis leo an nádúr agus gach a maireann ann.

Mar bharr air seo, tá saineolas aige i ndéanamh dheoch ársa na hÉireann: an mheá!

Comments are closed.