Imbolc 2020 – Méabh Ní Bheaglaíoch

Tógadh Méabh i mbaile lán le ceol, agus is óna hathair Séamus, agus óna deartháireacha móra, a d’fhoghlaim sí féin an cheird. In éineacht lena muintir féin, bhíodh ceoltóirí mór le rá de shíor ar cuairt ag an teach acu i mBaile na bPoc in Iarthar Dhuibhneach, agus le saol chomh lán le binneas ceoil ní haon ionadh é go bhfuil cáil á baint amach ag Méabh féin sa ghort céanna.

Bhí Méabh, Séamus Beaglaíoch, agus Matt Griffin i mbun ceoil mar chuid d’Imbolc san Ionad Cultúrtha oíche Aoine 14 Feabhra, agus thug Méabh an chaint seo an lá dár gcionn mar chuid den chomhdháil. Roinneann Méabh a a ceol agus a scéal pearsanta féin linn – conas a chuaigh sí leis an gceol, a caidreamh leis an traidisiún, an faoiseamh a thugann cumadóireacht di, agus conas a théann sí i ngleic leis an ngalar dubh. Tá dóchas ann, a deir sí linn – uaireanta tógann sé tamall dul ón dorchadas go dtí an solas, ach bí tuisceanach duit féin agus rachaidh rudaí i bhfeabhas.

Tags: ,
 

Comments are closed.