Imbolc@EP2022 – Ruth Nic Aibhne

Is duine le hard-taithí í Ruth i réimse na cumarsáide, agus faoi láthair (2023) tá sí ag obair le Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Sa ról sin is Cumarsáidí í do Chiste Náisíunta na nDúshlán (National Challenge Fund), clár €65 milliún atá maoinithe ag an tSaoráid um Athshlánú agus Athléimneacht (Recovery and Resilience Facility) de chuid an AE. Gríosann an clár sin taighde a ghríosadh maidir leis an Aistriú Glas agus leis an gClaochlú Digiteach.

Roimhe sin chaith Ruth beagnach deich mbliana leis an Ollscoil Idirnáisiúnta um Spás, agus tá obair déanta aici le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa chomh maith.

Mar is léir ón gcaint seo, is duine ildánach í le scileanna faoi leith sa chumarsáid agus sa scéalaíocht, í in ann coincheapa casta a chur trasna agus bhí sceitimíní ar an lucht féachana faoin todhchaí, faoin spás, agus faoinár mbealach go dtí an ghealach!

Comments are closed.