Imbolc@EP2022 – Jenny Ní Ruiséil

Is teagascóir ióga / machnaimh chomh maith le ceoltóir í Jenny, ag cur fúithí i mBaile Átha Cliath. Cuireann sí cúrsaí, .tearmainn, agus ranganna ar siúl a dhíríonn ar ghnéithe Ióga Tantric Hatha – Ayurveda agus Mantra ach go háirithe. In éineacht leis sin scríobhann agus seinneann sí ceol agus cuireann sí imeachtaí rialta Kirtan (grúpchantaireacht mantra) sa phríomhchathair agus ar líne.

Creideann sí i gcumhacht an ghutha agus na hanála chun athnasc a dhéanamh lenár gcoí istigh, agus cuireann sí ceardlanna mantra ar siúl ag teacht le traidisiún Ióga Bhakti.

Comments are closed.