Imbolc@EP2023 – Thaddeus Ó Buachalla

Is údar, file agus cumadóir é Thaddeus Ó Buachalla. Bronnadh leabhar Gaeilge na Bliana ar a úrscéal EL ins An Post Irish Book Awards in 2022 chomh maith le duais ón Oireachtas roimhe sin. Tá dochtúireacht aige sa Ghaeilge agus idir shaothar léirmheasa agus shaothar ficseanúil i gcló aige. Is file é chomh maith agus léiríonn sé a chuid dánta ar stáitse mar fhilíocht ó bhéal le tionlacan ceoil, ceol atá cumtha aige féin agus seinnte go beo ag banna Jazz. Léiríodh a sheó ‘Immram an Phréacháin’ don chéad uair san fhéile IMRAM anuraidh agus arís ó shin in áiteanna éagsúla timpeall na tíre.

Comments are closed.