Imbolc@EP2023 – Cathal Seoighe

Rinne Cathal bunchéim sa bhFisic Theoiriciúil agus ansin dochtúireacht i Roinn na Géineolaíochta i gColáiste na Tríonóide. Chaith sé na blianta san Aifric Theas ina dhiaidh sin ag obair mar eolaí agus ag déanamh taighde ar VEID (HIV) i measc ábhair eile agus ag múineadh in ollscoileanna i Cape Town. Tháinig sé ar ais go hÉireann mar ollamh le bithionformaitic in Ollscoil na Gaillimhe i 2009 agus tá sé ag obair sa ról sin ó shin. Tá sé ina stiúrthóir ar an Larionad náisiúnta um thraenáil taighde i sonreolaíocht géanómaíochta – SFI Centre for Research Training in Genomics Data Science. Tá sé i bhfeighil ar thogra in Ollscoil na Gaillimhe le cur le múineadh agus scoláireacht sna hábhair ETIM (STEM) as Gaeilge.

Comments are closed.