Oisín Mac Giolla Bhríde ag Imbolc Electric Picnic 2017
Bhí sé d’ádh againn bualadh le hOisín Mac Giolla Bhríde ag Electric Picnic 2017, agus thug sé cuntas dúinn den Hip Hop as Gaeilge, rud é nar thosnaigh inniu ná inné dar leis!
Bhí sé d’ádh againn bualadh le hOisín Mac Giolla Bhríde ag Electric Picnic 2017, agus thug sé cuntas dúinn den Hip Hop as Gaeilge, rud é nar thosnaigh inniu ná inné dar leis!
Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill i 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh i 2013. Bhain an dán céanna […]
Sa chaint oscailte ionraic seo, tugann Dairena Ní Chinnéide cur síos lom dúinn ar shaol an fhile Ghaeilge. Idir an inspioráid a bhuaileann thú amuigh faoin spéir, agus na foirmeacha atá le líonadh ag scríbhneoir na mionteanga, tá sé go léir anseo!
Tá sé deacair cur síos ceart a dhéanamh ar an bhfear seo, Domhnall Mac Síthigh – file, saor cloiche, saineolaí bád is farraige, scéalaí, is eile. Tagann na buanna sin go léir chun solais sa chaint spreagúil seo, ina n-insíonn sé dúinn faoin turas atá á dhéanamh aige féin agus […]
Bean óg í Ciara Ní Éanacháin ach is léir cheana féin go bhfuil mórán i ndán di. Bhí suim riamh aici i litríocht agus filíocht agus i mbliana thosaigh sí an oíche filíochta mhíosúil Reic, le go mbeadh oíche ‘spoken word’ Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath. Oíche neamhfhoirmeálta atá ann, […]