Físeáin agus scéalta le déanaí

  • Sadhbh Ní Hógáin

    Sadhbh Ní Hógáin

    Is saineolaí ailtireachta inbhuanaithe é Sadhbh Ní Hógáin, tadalafil a bhfuil an-eolas aici ar chúrsaí fuinnimh is tithíochta. Bhain Sadhbh céim san Innealtóireacht Struchtúr amach i 2007 ó Ollscoil na Tríonóide, agus tar éis seal oibre san earnáil phríobháideach chaith sí bliain eile in Ionad na Teicneolaíochta Malartaí (Centre for […]

  • Muireann Nic Amhlaoibh

    Muireann Nic Amhlaoibh

    Tá an-éileamh ar Mhuireann Nic Amhlaoibh mar amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus láithreoir. Tógadh í i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne, Contae Chiarraí, áit a raibh ceol mórthimpeall uirthi. Bhí ceol aige baile chomh maith, agus ba nádúrtha an rud di amhráin agus poirt na háite a shú isteach! Bhain sí […]

  • Dónal Lunny

    Is ceoltóir traidisiúnta é Donál, agus le breis is tríocha cúig bliain anuas is eisean duine de na ceannródaithe is mó sa ghort sin. Aithnítear é mar dhuine lárnach in athbheochan an cheoil thraidisiúnta, agus chomh maith lena shaothar aonair bhí sé mar bhall de na grúpaí is mó a […]

  • Micheál Ó Droighneáin

    Micheál Ó Droighneáin

    Is saineolaí teicneolaíochta agus fiontraí é Micheál, agus bhunaigh seisean agus a dheartháireacha an comhlacht Maithú i 2007. Bhuaigh Maithú an phríomhdhuais i gcomórtas Barr 50 gnó Gaeilge i 2010 le haghaidh a chuid obair leis an Ghaeilge san earnáil teicneolaíochta – Gaelfón agus “Get the focal” ach go háirithe. […]

  • Naoise Ó Conchubhair

    Naoise Ó Conchubhair

    Dearthóir agus clóghrafaiceoir is ea Naoise Ó Conchubhair atá ag obair i mBaile Átha Cliath. Tá céim san Amharc Chumarsáide aige ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearthóireachta. Anuas ar sin chaith sé tréimhse ag staidéar san Fhionlainn. I 2008 ainmníodh é mar Dhearthóir Óg na Bliana ag Gradaim Spiders Eircom […]

  • Frank Allen

    Frank Allen

    Mar a deir Aonghus thall ag Smaointe Fánacha, caint thar a bheith spreagúil, bunaithe ar a thaithí féin, a thug Frank, ag plé leis an riachtanas atá ann obair an earnáil phoiblí a athrú ó bhonn. B’é an idéil a chuir sé ós ár gcomhair ná an meon a thug […]

  • Peadar Ó Riada

    Peadar Ó Riada

    Caint iontach dhraíochta faoi fhealsúnacht Pheadair – cad é an modh maireachtála is fearr dúinn? Ceol an príomh suim ag Peadar ach go háirithe ceol traidisiúnta, ársa, treibheach, ceol eaglasta nó spioradálta agus ceol clasaiceach Eorpach ach suim i ngach saghas ceoil ina dteannta mar aon le cur le chéile […]

  • Siobhán Ní Chonchúir

    Siobhán Ní Chonchúir

    An féidir linn riamh aistriúchán uathoibríoch a dhéanamh le cumhacht an ríomhaire? Sa chaint seo insíonn Siobhán scéal Google Translate, an iarracht atá ar bun ag an gcomhlacht sin. Is bainisteoir í Siobhán Ní Chonchúir i roinn na Táirgí Tomhaltóirí i nGoogle i mBaile Atha Cliath. Freastalaíonn an grúpa seo […]

  • Colmán Ó Raghallaigh

    Colmán Ó Raghallaigh

    Athinsint na seanscéalta i bhfoirm úrnua ghrafach atá ar bun ag Colmán, agus anseo faighimid léargas den phróiseas cruthaitheach taobh thiar de. Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir do pháistí agus do dhaoine óga agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. Ina measc siúd tá an tsraith iomráiteach […]